Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Is cás le muintir na hEorpa an cultúr!

  • Alt nuachta
  • 23 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

An 18 Meitheamh shínigh trí institiúid de chuid an Aontais, is iad sin Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach, an chéad Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gCultúr

Ach cad atá i gceist leis an gcultúr? Baineann an cultúr leis an gceol a n-éistimid leis, na leabhair a léimid, na teangacha a labhraímid, na traidisiúin a ndéanaimid ceiliúradh orthu, agus an ealaín a chruthaímid. Cabhraíonn sé linn muid féin a chur in iúl agus foghlaim faoi dhaoine eile. 

Gealltar leis an dearbhú tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus do dhaoine óga tréitheacha cruthaitheacha, ceiliúradh a dhéanamh ar an iliomad cultúr agus teangacha atá le fáil san Eoraip, agus é a dhéanamh níos éasca do chách taitneamh a bhaint as an gcultúr. Aithníonn institiúidí an Aontais freisin gur féidir leis an gcultúr cabhrú le daoine teacht le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte. 

Is tráth stairiúil é seo. Trí oibriú i dtreo fís chomhroinnte, tá institiúidí an Aontais ag neartú a dtacaíochta don chultúr, don chruthaitheacht agus d’oidhreacht chultúrtha shaibhir na hEorpa. 

Cuir tús leis an bplé i do sheomra ranga!  

Cad é an rud is mó faoi do chultúr ba mhaith leat a roinnt le duine ó thír Eorpach eile? 

Faigh inspioráid thíos: 

Dáta foilsithe
23 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News