
Conas is féidir linn a chinntiú go gcruthófar todhchaí níos cothroime do chách, idir óg agus aosta, trí na cinntí a dhéantar inniu?
Sheol an Coimisiún Eorpach, in éineacht le Coiste Eorpach na Réigiún, an Gealltanas maidir le Cothroime Idirghlúine, lena n-iarrtar ar pholaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais agus ar thíortha is iarrthóirí folláine na nglúnta atá ann faoi láthair agus atá le teacht a chur i gcroílár a mbeartas.
Leagtar amach sa Ghealltanas 16 ghealltanas lena gcumhdaítear forbairt inbhuanaithe, tithíocht inrochtana agus seirbhísí poiblí, fostaíocht atá cuimsitheach ó thaobh aoise de, agus rannpháirtíocht na n-óg. Is féidir leis na gníomhaíochtaí sin cuidiú i dtaobh aghaidh a thabhairt ar riachtanais na nglúnta éagsúla agus pobail níos láidre agus níos cuimsithí a fhorbairt.
Cad is féidir leatsa a dhéanamh? Tuilleadh a fhoghlaim faoin nGealltanas agus faoin gcaoi ar féidir le polaiteoirí áitiúla cuidiú i dtaobh todhchaí níos cothroime a mhúnlú. Is féidir leat an t-ábhar a ardú le d’ionadaithe áitiúla freisin agus iad a spreagadh le riachtanais gach glúine a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh acu.
Tuilleadh eolais: Sínigh an Gealltanas | Cothroime Idirghlúine
- Dáta foilsithe
- 14 Deireadh Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News





