Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Déan beart de réir do chuid smaointe faoin aeráid le Pact2School!

  • Alt nuachta
  • 19 Deireadh Fómhair 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

An bhfuil fonn ort dul i gcion ar an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide? Faoin gComhshocrú Aeráide Eorpach, iarrtar ar scoileanna agus ar ollscoileanna ar fud na hEorpa páirt a ghlacadh in Pact2School agus daoine óga a spreagadh chun beart a dhéanamh de réir a gcuid smaointe faoin aeráid.  

Is tionscnamh é an Comhshocrú Aeráide Eorpach a thugann daoine, pobail agus eagraíochtaí le chéile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun áit níos athléimní a dhéanamh den Eoraip. Trí Pact2School, is féidir le scoileanna agus le hollscoileanna dul i gcomhar le hAmbasadóirí agus Comhpháirtithe an Chomhshocraithe Aeráide chun an inbhuanaitheacht a fhiosrú, chun réitigh chruthaitheacha a fhorbairt agus chun fíorthionchar a imirt laistigh dá bpobal féin.  

Cén tairbhe a bhainfidh tusa as? Beidh deis agat eolas a chur ar smaointe nua i dtaobh gníomhú ar son na haeráide, aithne a chur ar dhaoine atá chomh paiseanta céanna faoin inbhuanaitheacht agus atá tú féin, agus do chuid gníomhaíochtaí a chur i láthair trí chainéil chumarsáide an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh. Ar a bharr sin, is féidir maoiniú suas le €1,000 a fháil chun anáil na beatha a shéideadh isteach i dtionscadal aeráide arna stiúradh ag daltaí nó ag mic léinn. 

Scoileanna agus ollscoileanna atá ag iarraidh a bheith páirteach, caithfidh siad dul i gcomhpháirt le hAmbasadóir ar son an Chomhshocraithe Aeráide nó le Comhpháirtí de chuid an Chomhshocraithe: 

Chun teacht ar ambasdóir nó ar chomhpháirtí do dhiongbhála, bain úsáid as Léarscáil Idirghníomhach an Chomhshocraithe NÓ engagementateuclimatepact [dot] eu (cuir scéala chuig foireann an Chomhshocraithe). 

Ar thóir inspioráide? Téigh ag póirseáil trí acmhainní praiticiúla, smaointe le haghaidh gníomhaíochtaí agus tionscadail bhuaiteacha ón gcéad bhabhta de Pact2School.

Réidh chun oibre? Déan iarratas faoin 15 Eanáir 2027 ar 12:00 (Am Lár na hEorpa) go n-imreoidh tú fíorthionchar ar son na haeráide i do scoil féin agus i do phobal féin!

Déan iarratas anseo!

 

  • Alt nuachta

An bhfuil tú réidh le gníomhú i leith an athraithe aeráide? Nó an bhfuil aithne agat ar dhuine ar shuim leis gníomhú? 

Ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair beidh glao ar Ambasadóirí nua le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh ar oscailt! Déantar iarratais a mheasúnú ar bhonn atrátha, mar sin tá fáilte roimh iarratais luatha (in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh).

 

Dáta foilsithe
19 Deireadh Fómhair 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News