
Mar oideoir, is tú croílár chlaochlú digiteach na hEorpa. Chun tacú leat san aistear seo, tá ceithre shraith nua de threoirlínte ag an gCoimisiún Eorpach atá deartha chun tacú leat i gceithre phríomhréimse san oideachas digiteach: an intleacht shaorga (IS) agus sonraí a úsáid go heiticiúil san oideachas, litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, cinntí eolasacha a dhéanamh i dtaca le hábhar oideachais digiteach, agus faisnéisíocht ar ardchaighdeán a theagasc. Is tionscnamh suaitheanta den Phlean Gníomhaíochta um an Oideachas Digiteach (2021-2027) iad na treoirlínte agus tá siad deartha chun tacú le múinteoirí scoile speisialaithe agus ginearálaithe agus iad ag iarraidh plé go muiníneach le tionchar agus deiseanna chlaochlú digiteach an oideachais. Leis na treoirlínte, cuirtear treoir phraiticiúil, samplaí atá réidh le húsáid sa seomra ranga agus critéir cháilíochta shoiléire ar fáil, mar aon le sainmhínithe cothrom le dáta ar na príomhchoincheapa san oideachas digiteach.
Is cuma más speisialtóir thú ar thopaicí na dtreoirlínte nó más díreach ag tosú ar a gcomhtháthú i d’ábhair féin atá tú, leis na hacmhainní sin beidh tú in ann dul i ngleic leis an todhchaí dhigiteach go muiníneach.
Is féidir eolas a chur ar gach tacar treoirlínte anseo:

Mar oideoir, is tú croílár chlaochlú digiteach na hEorpa. Chun tacú leat san aistear seo, tá ceithre shraith nua de threoirlínte ag an gCoimisiún Eorpach atá deartha chun tacú leat i gceithre phríomhréimse san oideachas digiteach:
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 19 Meitheamh 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News





