Cailíní agus an eolaíocht: ar marc, réidh, gabh! - Aontais Eorpaigh Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 8 Márta 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Cailíní agus an eolaíocht: ar marc, réidh, gabh!

Science and women

An raibh a fhios agat gur mná iad 48 % de chéimithe a bhfuil PhD acu ar fud an Aontais? Mar sin féin, cailltear an chothromaíocht inscne sin san earnáil ghnó agus eacnamaíoch, mar nach mná iad ach 22% de thaighdeoirí sa réimse sin. Ina theannta sin, ní mná iad ach 34% de thaighdeoirí an Aontais agus ní mná iad ach 9% d’aireagóirí. Tríd an tuarascáil ‘She Figures’ (atá ar fáil i mBéarla amháin), tá an Coimisiún Eorpach ag féachaint ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo comhionannas inscne sa Taighde agus sa Nuálaíocht, agus ar an dóigh chun an bhearna inscne atá go fóill ann sa réimse a dhúnadh.   

Is féidir tús a chur le hathrú meoin sa seomra ranga – déan comhrá le do dhaltaí faoin staid i do thír féin, trí úsáid a bhaint as na graif agus na sonraí ón tuarascáil ‘She Figures’ nó trí phlé níos leithne a dhéanamh faoi na heolaíochtaí agus faoi ghairmeacha san eolaíocht a bhuí leis na gníomhaíochtaí ‘Tá an eolaíocht iontach’ atá ar fáil ó Chúinne Foghlama an Aontais! 

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Márta 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News