Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta5 Deireadh Fómhair 2022Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Lá na Múinteoirí faoi mhaise daoibh!

""
© udra11/stock.adobe.com

Gach beannacht ar na múinteoirí uile – tá ról an-tábhachtach agaibh maidir le luachanna an Aontais Eorpaigh a chur i láthair do daoine óga!

Ó tharla ionradh na Rúise, seasann an tAontas Eorpach le chéile ina dhlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir. De réir na meastachán, is leanaí atá in aois scoile iad beagnach leath de na dídeanaithe ón Úcráin. Cuidíonn sé go mór an strus síceolaíoch atá orthu a mhaolú ach iad a chur ar ais ar scoil, sin agus tugann sé cobhsaíocht agus normáltacht dóibh, mar aon le hionchas don todhchaí.  

Sa tréimhse dhúshlánach seo, gheobhaidh tú anseo sraith alt agus acmhainní chun tacú le comhtháthú dídeanaithe óga ón Úcráin i gcórais oideachais Bhallstáit an Aontais agus thíortha Erasmus+. Tá roinnt dár bhfoilseachán á n-aistriú go Rúisis agus go hÚcránach faoi láthair. Liostáil dár nuachtlitir anseo le coinneáil ar an eolas maidir lena n-infhaighteacht.

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Deireadh Fómhair 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide