Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Iarrtar ar dhaoine óga idir 12 agus 17 mbliana d’aois cuidiú chun domhan digiteach níos cothroime a mhúnlú

  • Alt nuachta
  • 30 Márta 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
Adobe Stock

Tá an tAontas Eorpach ag seoladh suirbhé gearr ar líne atá dírithe ar pháistí agus daoine óga idir 12-17 mbliana d’aois. Cuirfear na torthaí san áireamh agus an Gníomh um Chothroime Dhigiteach, atá ar na bacáin, á mhúnlú – dlí nua darb aidhm aipeanna, cluichí agus suíomhanna gréasáin a dhéanamh níos cothroime do na tomhaltóirí is óige.

Fiafraítear sa suirbhé de na daltaí faoina n-eispéireas ar líne: cad é atá cothrom agus cad é nach bhfuil, dar leo féin, agus cad é ba mhaith leo a fheabhsú. Thart ar 15 nóiméad a thógann sé lena dhéanamh, agus tá sé ar fáil i dteangacha uile an Aontais. Is féidir é a líonadh isteach go neamhspleách nó le tacaíocht ó dhuine fásta. Freagraí anaithnide a bheidh ann, agus cuirfidh siad bonn eolais go díreach faoi bheartas an Aontais.

 

Cuidigh le daoine óga ról gníomhach a bheith acu maidir le múnlú an tsaoil ar líne a bhíonn siad a úsáid gach lá!

Iarrtar orthu an suirbhé a dhéanamh (sa teanga is rogha leo) faoin 26 Aibreán 2026.

Sonraí

Dáta foilsithe
30 Márta 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Aoisghrúpa
  • 12 - 15 bliana
  • 15 bliana nó níos sine
Type of content
  • News