
An raibh a fhios agat go bhfuil luchtaire uilíoch le haghaidh gléasanna leictreonacha tugtha isteach ag an Aontas Eorpach? Ní gá a bheith ag útamáil i dtarraiceáin a thuilleadh chun teacht ar an luchtaire ceart! A bhuí le Treoir nua an Aontais maidir le Luchtaire Uilíoch, ní mór a bheith in ann luchtú USB-C a úsáid le gach gléas leictreonach iniompartha nua a dhíoltar san Aontas.
Tá tairbhí suntasacha ag baint leis an tionscnamh seo do thomhaltóirí agus don chomhshaol araon, mar atá:
- Áisiúlacht mhéadaithe: Luchtaire USB-C amháin a úsáid le haghaidh ilghléasanna, beag beann ar an mbranda.
- Dramhaíl leictreonach laghdaithe: Agus thart ar 11,000 tonna de dhreamhthrealamh leictreach agus leictreonach á ngineadh gach bliain ó luchtairí diúscartha, cuideoidh athúsáid luchtairí an figiúr seo a laghdú go mór.
- Coigilteas costais: Is féidir le tomhaltóirí tuairim is €250 milliún a shábháil in aghaidh na bliana trí ghléasanna gan luchtaire a cheannach.
- Mearluchtú comhchuibhithe: Bain leas as luasanna luchtaithe comhsheasmhacha le haon luchtaire comhoiriúnach.
Tá feidhm ag na rialacha sin cheana féin maidir le fóin phóca, táibléid, cluasáin agus gléasanna eile. Ó mhí Aibreáin 2026 ar aghaidh, beidh ríomhairí glúine san áireamh freisin. Déan do shaol laethúil a shimpliú agus cuidigh chun todhchaí níos fearr a bhaint amach!
An raibh a fhios agat go bhfuil luchtaire uilíoch le haghaidh gléasanna leictreonacha tugtha isteach ag an Aontas Eorpach? Ní gá a bheith ag útamáil i dtarraiceáin a thuilleadh chun teacht ar an luchtaire ceart! A bhuí le Treoir nua an Aontais maidir le Luchtaire Uilíoch, ní mór a bheith in ann luchtú USB-C a úsáid le gach gléas leictreonach iniompartha nua a dhíoltar san Aontas.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 9 Eanáir 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide