Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta7 Meitheamh 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

Suirbhé faoi Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027

Young people with the European flag

An bhfuil tú idir 15 bliana agus 29 mbliana d’aois? Má tá, is mian linn do thuairimí ar ghnéithe áirithe de Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 a fháil. Is é is aidhm don Straitéis daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa saol daonlathach agus chun tacú le rannpháirtíocht shóisialta agus shibhialta, agus a chinntiú go bhfuil na hacmhainní ag na daoine óga uile a bhfuil gá acu leo chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí. Áireofar do chuid freagraí sa chéad Tuarascáil eile ón Aontas ar an Óige, ar tuarascáil í a bhaineann le dul chun cinn na Straitéise le linn na mblianta 2022-2024. Cuirfidh na freagraí sin le torthaí comhairliúchán eile chun léargas níos fearr a thabhairt ar thuairimí daoine óga agus ar an gcaoi le guth níos láidre a thabhairt dóibh i gceapadh beartas an Aontais. Beidh an suirbhé seo ar fáil go dtí an 30 Meitheamh 2024.

Sonraí

Dáta foilsithe
7 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide