Go bunúsach, ciallaíonn sin go n-eagróidh an Bheilg cruinnithe cheannairí na dtíortha agus go molfaidh sí na hábhair inar mhaith léi go rachadh an tAontas chun cinn.
Tá sé réimse tosaíochta leagtha síos ag an mBeilg faoin mana ‘Cosain, Neartaigh, Ullmhaigh’:
-
an smacht reachta, an daonlathas agus an aontacht a chosaint
-
Ár n-iomaíochas a neartú
-
Leanúint den aistriú glas agus cóir
-
Ár gclár oibre sóisialta agus sláinte a threisiú
-
Daoine agus teorainneacha a chosaint
-
An Eoraip dhomhanda a chur chun cinn
Faigh tuilleadh eolais faoi Uachtaránacht na Beilge ar an Aontas Eorpach: Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (europa.eu).
Chun tuilleadh aithne a chur ar an mBeilg, bain triail as an gcluiche: An tAontas Eorpach: cad atá i gceist leis?
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 1 Eanáir 2024 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 1 Eanáir 2024)
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide