Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha a cheiliúradh: an dóigh a dtacaíonn an tAontas Eorpach le teangacha

  • Alt nuachta
  • 21 Feabhra 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
Adobe Stock

Is é an Domhnach seo, an 21 Feabhra, Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha 🎉.

Tá an tAontas Eorpach an-bhródúil go deo as a éagsúlacht teangacha: 24 theanga oifigiúla atá ann agus labhraítear thart ar 60 teanga réigiúnach agus mionlaigh ar fud na hEorpa. Is cuid mhór dár ndúchas féin iad na teangacha, agus sin an fáth a gcuidíonn an Compás Cultúir don Eoraip leis an éagsúlacht shaibhir sin a chosaint agus a chur chun cinn.

Trí chláir amhail Erasmus + agus Eoraip na Cruthaitheachta, tacaíonn an tAontas le tionscadail phobail teanga éagsúla, ó chónaitheachtaí cruthaitheacha do scríbhneoirí a oibríonn i dteangacha mionlaigh go malartuithe mac léinn a spreagann daoine óga chun eolas a chur ar theangacha réigiúnacha ar fud na hEorpa.

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Féach leat an foilseachán Éagsúlacht teanga san Aontas Eorpach.

Tríd an gclár Fís Eorpach, maoiníonn an tAontas tionscadail taighde freisin a dhíríonn ar theangacha atá i mbaol a chosaint, ar scileanna teanga a neartú agus ar an ilteangachas a chur chun cinn.

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Feabhra 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide