Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta15 Márta 2023Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

DiscoverEU: Tá sé in am do mhála droma a phacáil agus an Eoraip mhór a fheiceáil

Apply for a DiscoverEU travel pass and start exploring more than 30 countries in the EU and beyond!

An bhfuil tú 18 mbliana d’aois agus an bhfuil cónaí ort i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír eile atá comhlachaithe le Erasmus+? Má tá, faigh faoi réir le dul ar eachtra le DiscoverEU!

Tugann DiscoverEU deis duit taisteal san Eoraip, eolas a chur ar a héagsúlacht agus foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus faoina stair. Ag taisteal duit ar an traein, tiocfaidh tú ar thírdhreacha iontacha agus ar éagsúlacht mhór cathracha agus bailte. Ar a bharr sin, buailfidh tú le daoine ó gach cearn den mhór-roinn.   

Má roghnaítear thú, beidh tú in ann taisteal ar feadh suas le 30 lá agus gheobhaidh tú Cárta Óige Eorpach DiscoverEU, rud a thabharfaidh lascainí duit ar chuairteanna cultúrtha, ar ghníomhaíochtaí foghlama agus ar go leor rudaí eile!

Ná déan moilleadóireacht. Tá an Eoraip faoi do réir. Imigh faoina déin. Glacfar le hiarratais go dtí an 29 Márta.

Breis eolais fúthu seo a leanas: DiscoverEU

 

Sonraí

Tagairt
Discover EU
Dáta foilsithe
15 Márta 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Aoisghrúpa
15 bliana nó níos sine
Type of content
Competition