Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Lá na hEorpa 2026

  • Alt nuachta
  • 13 Aibreán 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
Earthquake in Haiti: illustration of the EU humanitarian aid

9 Bealtaine 2026 – déanaimid ceiliúradh ar Lá na hEorpa!  

Ach cad é Lá na hEorpa agus cén fáth a gceiliúraimid é?

An 9 Bealtaine 1950, shínigh iar-aire gnóthaí eachtracha na Fraince, Robert Schuman, Dearbhú Schuman. Leagadh síos sa doiciméad sin an bhunchloch d’Eoraip aontaithe, mar is eol dúinn inniu é, agus tá sé chomh hábhartha céanna anois, 76 bliana ina dhiaidh sin, is a bhí an t-am sin. Chuir sé tús le ré an lánpháirtithe, na síochána agus an chomhair.  

Conas a ndéantar é a cheiliúradh? 

Is iomaí bealach inar féidir páirt a ghlacadh i Lá na hEorpa. D’fhéadfá páirt a ghlacadh in imeacht i do bhaile féin, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nó cur le d’eolas faoin Eoraip. Is cuma an mac léinn, múinteoir nó saoránach thú a bhfuil spéis agat san ábhar, beidh gníomhaíochtaí spraíúla ann do chách! Féach an méid atá le fáil ar shuíomh gréasáin Lá na hEorpa agus ar Chúinne na Foghlama! 

Glac páirt mar sin, bíodh spraoi agat agus foghlaim rud éigin nua! 

Guímid lá mór maith na hEorpa oraibh go léir!

Sonraí

Dáta foilsithe
13 Aibreán 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide