Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Iarr ar do dhaltaí geilleagar ciorclach na hEorpa a mhúnlú!

  • Alt nuachta
  • 7 Aibreán 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh ar dhaoine óga (15+) a dtuairimí a chomhroinnt faoin nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach atá ar na bacáin, mórthionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh chun dramhaíl a laghdú, borradh a chur faoin inbhuanaitheacht, agus deiseanna nua a chruthú.

Is deis ar leith é seo do do dhaltaí ionchur ceart a bheith acu i dtaca le beartais a mbeidh tionchar acu ar phoist, ar an nuálaíocht, ar an gcostas maireachtála, ar an gcáilíocht saoil, agus ar an gcomhshaol a fhágfar acu amach anseo. Spreag iad le páirt a ghlacadh sa phlé agus a dtuairimí a chur in iúl!

Conas is féidir le daoine óga páirt a ghlacadh?  

Is féidir le daoine óga an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ceistneoir ar líne a líonadh isteach faoin 12 Aibreán 2026
  • páirt a ghlacadh sa seisiún maidir le ‘Dearcthaí na hóige ar an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach atá ar na bacáin’ ar líne nó ar an láthair (is gá clárú ina leith) an 22 Aibreán, le linn Chomhdháil Bhliantúil ECESP 2026, agus/nó
  • aighneachtaí breise i scríbhinn a chur isteach tar éis na comhdhála, faoin 29 Aibreán.

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
7 Aibreán 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Aoisghrúpa
  • 15 bliana nó níos sine
Type of content
  • News