Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta21 Aibreán 2022Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Lá na hEorpa

Bíonn Lá na hEorpa ann gach bliain an 9 Bealtaine nuair a dhéantar ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontacht san Aontas Eorpach.

""
© European Union

Bíonn Lá na hEorpa ann gach bliain an 9 Bealtaine nuair a dhéantar ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontacht san Aontas Eorpach. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na hEorpa2022, reáchtálfar gníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla do gach aois ar fud na hEorpa. I mbliana agus i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hÓige, díreofar ar ghuth daoine óga ar mhaithe le todhchaí níos fearr. Faigh eolas faoin méid a bheidh ar siúl in aice leat agus glac páirt sna gníomhaíochtaí éagsúla chun tuilleadh eolais a fháil faoin Aontas agus faoin gcaoi a n-oibríonn sé. www.europeday.europa.eu/

 

Déanann Lá na hEorpa comóradh ar an dáta ar chuir aire gnóthaí eachtracha na Fraince ag an am Robert Schuman Dearbhú Schuman i láthair an 9 Bealtaine 1950. Is éard a chuir Schuman chun cinn an smaoineamh maidir le comhar polaitiúil san Eoraip chun síocháin bhuan a bhunú idir náisiúin na hEorpa. Is as an togra sin a cruthaíodh Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, agus glactar leis anois gurbh é sin bunús an Aontais Eorpaigh mar atá againn sa lá atá inniu ann.

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Aibreán 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News