
An bhfuil tú 18 mbliana d’aois agus an bhfuil tú fiosrach faoi stair agus faoi chultúr na hEorpa? Ar mhaith leat cairdeas agus naisc a fhorbairt ar fud na mór-roinne? Más amhlaidh atá, is deis iontach duit é DiscoverEU. Is féidir iarratas a dhéanamh anois mar sin ná caill an deis!
Tabharfar suas le 30 lá taistil d’iarnród do na hiarrthóirí a n-éireoidh leo agus gheobhaidh siad Cárta Óige Eorpach DiscoverEU, rud a thabharfaidh lascainí dóibh ar chuairteanna cultúrtha, gníomhaíochtaí foghlama, agus tuilleadh nach iad! Arbh fhearr leat gan dul i d’aonar? Ná bí buartha – is féidir leatsa agus le do chairde iarratas a dhéanamh mar ghrúpa!
Le bheith incháilithe ní mór duit 18 mbliana d’aois a bheith slánaithe agat (i.e. gur rugadh thú idir an 1 Iúil 2006 agus an 30 Meitheamh 2007 san áireamh) agus cónaí a bheith ort i dtír den Aontas nó i dtír eile atá comhlachaithe le Erasmus+.
Chun iarratas a dhéanamh, nó chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an suíomh gréasáin oifigiúil: DiscoverEU | Tairseach Eorpach na hÓige
Tá an Eoraip faoi do réir, mar sin, imigh faoina déin!
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 27 Márta 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News