Happy birthday Learning Corner! - Aontais Eorpaigh Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 20 Márta 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Tá Cúinne na Foghlama 6 bliana ar an bhfód!

Learning Corner turn 6

 

6 bliana ó shin a seoladh Cúinne na Foghlama den chéad uair, agus ó shin i leith, tá ábhair spreagúla oideachasúla á gcruthú agus á gcur chun cinn ag an bhfoireann i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais do dhaoine idir 5 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois. Más saoránach óg fiosrach Eorpach thú, nó más múinteoir thú atá ag cuardach acmhainní chun tacú le do chuid teagaisc faoin Aontas Eorpach, Cúinne na Foghlama ann chun freastal ort.  

Gabhaimid buíochas le gach duine a ghlac páirt san aistear go dtí seo, iad ag tabhairt cuairt ar ár suíomh gréasáin agus ag baint úsáid as ár n-acmhainní –  thug níos mó ná 5 mhilliún duine cuairt ar an suíomh anuraidh amháin. Táimid buíoch díot as do chuid díograise, agus táimid ag tnúth le leanúint den Aontas a dhéanamh níos inrochtana, níos tarraingtí agus níos spraíúla d’aos óg na hEorpa.

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Márta 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News