Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 5 Deireadh Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Lá na Múinteoirí faoi mhaise daoibh!

""
© AdobeStock/Pixel-Shot

An 5 Deireadh Fómhair déanaimid ceiliúradh ar obair thábhachtach na múinteoirí ar fud an domhain agus tugaimid an meas breise atá tuillte acu dóibh. 

Is ról ríthábhachtach é ról na múinteoirí i dtaca le meon aos óg na hEorpa a mhúnlú. I saol seo an idirlín, na meán sóisialta agus na hintleachta saorga, iad go léir in aice láimhe ag go leor leanaí agus daoine fásta óga, is é an ról atá ag múinteoirí, ar ról é atá ag éirí níos tábhachtaí agus níos dúshlánaí de shíor, na glúnta óga a threorú i dtaca le bheith ag smaoineamh go neamhspleách agus go criticiúil faoin domhan thart timpeall orthu. 

Anseo i gCúinne na Foghlama, is mór an meas atá againn ar na múinteoirí uile a d’oibrigh linn thar na blianta chun ábhair oideachais nua agus fheabhsaithe faoin Aontas Eorpach a chruthú do gach aoisghrúpa agus i ngach ceann de 24 theanga an Aontais. Sin an fáth a nglacaimid buíochas mór leis na múinteoirí go léir - ní fhéadfaimis é a dhéanamh gan sibhse!  

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Deireadh Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • Celebration