
Ba cheart leanaí agus daoine óga a bheith sábháilte ó chontúirtí agus ó rioscaí ar líne, cuir i gcás ciapadh, bulaíocht, faisnéis bhréagach, ábhar neamhdhleathach agus/nó daoine ag ligean orthu gur daoine eile iad.
Is acmhainní luachmhara iad an dá leabhrán seo d’oideoirí ar mian leo a bheith chun cinn ar chúrsaí san aois dhigiteach. Cibé an bhfuil tú ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) nó foghlaim faoi chearta agus prionsabail dhigiteacha na hEorpa, cuideoidh na leabhráin seo leat tús a chur leis an bplé faoi shábháilteacht ar líne agus faoi chearta digiteacha i do sheomra ranga.

An bhfuil tú fiosrach faoin gcaoi a gcosnaíonn an tAontas tú ar líne? Is é is aidhm do na rialacha a tugadh isteach leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha domhan níos cothroime agus níos sábháilte ar líne a chruthú.

An leagan seo de Chearta agus Prionsabail Dhigiteacha na hEorpa atá oiriúnach do leanaí, cuireadh i dtoll a chéile é i gcomhpháirtíocht le leanaí iad féin.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 9 Eanáir 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide