Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 20 Nollaig 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Seilbh glactha ag an bPolainn ar uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

An raibh a fhios agat go mbíonn uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag tír éagsúil de chuid an Aontais gach sé mhí? Ó thús mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2025, beidh an fhreagracht thábhachtach sin ag an bPolainn.  

Go bunúsach, ciallaíonn sin go n-eagróidh an Pholainn cruinnithe cheannairí na dtíortha agus go molfaidh sí na hábhair inar mhaith léi go rachadh an tAontas chun cinn.  

Tá seacht réimse tosaíochta leagtha síos ag an bPolainn faoin mana ‘An tSlándáil agus an Eoraip!’, is iad sin:  

  • An chosaint agus an tslándáil
  • Daoine agus teorainneacha a chosaint
  • Frithsheasmhacht i gcoinne na trasnaíochta eachtraí agus na bréagaisnéise
  • Slándáil agus saoirse gnó a chinntiú
  • Aistriú fuinnimh
  • Talmhaíocht iomaíoch athléimneach
  • Slándáil sláinte 

 

Faigh tuilleadh eolais faoi Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas Eorpach

 

Chun tuilleadh aithne a chur ar an bPolainn, bain triail as an gcluiche: 

Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...

Aoisghrúpa
  • 9 - 12 bhliain

 

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Nollaig 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

DISCLAIMER

We are currently experiencing some technological issues as we work to update the EU & Me quiz following the European elections. If you notice any inaccuracies please email us at COMM-Info-Publicationsatec [dot] europa [dot] eu (COMM-Info-Publications[at]ec[dot]europa[dot]eu) and we will resolve the issue as quickly as possible.