Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta1 Eanáir 2021

An Phortaingéil i gceannas ar an Aontas

""
© European Union

Gach sé mhí,  glacann Ballstát eile an uachtaránacht ar an Aontas Eorpach. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go bhfuil an tír i gceannas ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, go n-eagraíonn sí cruinnithe cheannairí na mBallstát, agus go gcuireann sí in iúl na réimsí inar mhaith léi go ndéanfadh an tAontas dul chun cinn. Seal na Portaingéile a bheidh ann ón 1 Eanáir ar aghaidh. I gcomhthéacs phaindéim an choróinvíris, seo a leanas na saincheisteanna a chuirfidh an Phortaingéil chun cinn:

  • Eoraip atá athléimneach: cabhair a thabhairt do na Ballstáit teacht chucu féin ón bpaindéim;
  • Eoraip atá níos láidre ar bhonn sóisialta: an bhochtaineacht agus an dífhostaíocht a chomhrac;
  • Eoraip atá níos glaise: an t-aistriú chuig neodracht aeráide a chur chun cinn;
  • Eoraip atá digiteach: an t-aistriú digiteach a chur chun cinn;
  • Eoraip atá níos láidre sa domhan mór: comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a neartú, leis na Stáit Aontaithe, leis an India nó leis an Afraic mar shampla.

Faigh tuilleadh eolais faoin bPortaingéil sa chluiche ‘An tAontas Eorpach:Cad atá i gceist leis?’ agus sa bhileog eolais ‘An tAontas Eorpach:Fíricí agus figiúirí’

Tuilleadh eolais faoi uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh: https://www.consilium.europa.eu/ga/council-eu/presidency-council-eu/

 

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Eanáir 2021