
Gach lá, téann daltaí isteach i ndomhan digiteach atá saibhir, cumhachtach, cruthaitheach agus, in amanna, cadránta. Tá an t-idirlíon agus an chaoi a bhfoghlaimíonn daoine óga, an chaoi a dtagann siad le chéile agus an chaoi a gcuireann siad iad féin in iúl fite fuaite ina chéile. Is ann do Lá na Sábháilteachta Idirlín go díreach toisc nach féidir an staid sin a fhágáil faoin gcinniúint.
Déantar Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh gach bliain i mí Feabhra i mbreis agus 180 tír agus is tionscnamh feasachta domhanda é a thugann scoileanna, teaghlaigh, institiúidí, an tsochaí shibhialta agus an tionscal le chéile bunaithe ar sprioc chomhroinnte amháin: an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte agus níos fearr, go háirithe do leanaí agus do dhaoine óga. In 2026 is ar an Máirt, an 10 Feabhra a bheidh an lá fócais domhanda ar siúl, agus beidh gníomhaíochtaí ar siúl i rith na míosa ar fad faoin téama ‘Le chéile ar mhaithe le hidirlíon níos fearr’.
Do mhúinteoirí, ní mír bhreise é Lá na Sábháilteachta Idirlín i sceideal atá lán cheana féin. Is deis réamhullmhaithe é tús a chur le comhráite fiúntacha, comhráite a bhfuil daltaí ina mbun cheana féin ach go minic gan treoir ó dhaoine fásta. Cibearbhulaíocht, fuath ar líne, mífhaisnéis, príobháideachas, céannacht dhigiteach, camscéimeanna arna gcumhachtú ag an intleacht shaorga: ní rioscaí teibí iad sin. Is cuid de shaol laethúil na ndaltaí iad, rud a mhúnlaíonn a muinín, a bhfolláine agus a muintearas uaireanta.
Rud atá tábhachtach, níl an tionscnamh seo teoranta do lá amháin. Cé gur deis choiteann infheictheachta ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin é Lá na Sábháilteachta Idirlín i mí Feabhra, tá sé ceaptha chun gníomhaíocht ar feadh na bliana a spreagadh. Is cuid den saol é an t-idirlíon anois, agus is amhlaidh atá i gcás na ndúshlán a bhaineann leis. Ach tá seomraí ranga fós ar cheann de na háiteanna is fearr chun athléimneacht dhigiteach, comhbhá agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt go láidir.

An bhfuil tú fiosrach faoin gcaoi a gcosnaíonn an tAontas tú ar líne? Is é is aidhm do na rialacha a tugadh isteach leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha domhan níos cothroime agus níos sábháilte ar líne a chruthú.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 10 Feabhra 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide





