- Aoisghrúpa
- 12 - 15 bliana
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
Cén inscne is túisce a thagann chun cuimhne nuair a smaoiníonn tú ar bhréagán faoi leith, jab faoi leith, spórt faoi leith, nó dath faoi leith fiú?
Tá steiréitíopaí inscne greanta go mór inár gcultúr agus is bunchúis le neamh-chomhionannais inscne iad. Is minic nach mbímid ar an eolas fúthu ach bíonn tionchar acu ar gach duine againn, idir mhná agus fhir. Féadfaidh na steiréitíopaí inscne srian a chur ar ár gcumas agus ar ár mianta réimse staidéir nó oiliúna a roghnú, gairm bheatha a shaothrú, agus roghanna simplí saoil a dhéanamh, mar shampla caitheamh aimsire a roghnú.
Cuireann steiréitíopaí inscne srian ar shaoirse gach duine. Sin é an fáth a bhfuil sé tábhachtach iad a cheistiú.
Leis an bhfeachtas seo ón Aontas, spreagtar daltaí agus múinteoirí chun iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag steiréitíopaí inscne ar ár roghanna, an dóigh a gcuireann siad srian ar ár n-acmhainneacht, agus an dóigh a gcuireann siad leis an neamhionannas. Agus níos tábhachtaí fós, cuidíonn an feachtas chun tús a chur le comhráite ionraice oscailte sna seomraí ranga.
Is mithid dúinn deireadh a chur le steiréitíopaí inscne! #EndGenderStereotypes
Ar an ábhar céanna

Forbraíodh an tacar uirlisí seo do mhúinteoirí bunscoile agus foghlaimeoirí óga bunscoile (6-7 bhliana d’aois). Is aidhm leis tacú le múinteoirí plé a eagrú sa seomra ranga chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach le steiréitíopaí inscne, bunaithe ar an sampla ón earnáil iompair.

Faigh amach faoi ‘Tóraíocht Europa’, an uirlis oideachais nua atá bunaithe ar quiz chun feabhas a chur ar obair foirne agus ar chumarsáid agus nochtadh á fháil ag an am céanna ar institiúidí, stair, cinnteoireacht agus cultúr an Aontais, i measc rudaí eile. Tá sé le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas agus tá sé foirfe chun an chomhfhoghlaim a chothú!

AE i sleamhnáin

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.

Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...

Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.

- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!