- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
- Leabhar gníomhaíochta
- Cluiche
- Uirlis teagaisc

An bhfuil tú ag iarraidh scileanna seiceála fíricí agus smaointeoireachta criticiúla a chleachtadh le do dhaltaí ar bhealach spraíúil? Féach leat ‘On a Quest for Facts’, gníomhaíocht seomra ranga atá deartha do dhaltaí idir 16 agus 18 mbliana d’aois, rud a chuidíonn leat na scileanna riachtanacha sin a theagasc trí imirt rannpháirteach. Díríonn an ghníomhaíocht ar phostáil fhicseanúil ar na meáin shóisialta, agus caithfidh na daltaí maímh bhréagacha a imscrúdú agus a réiteach trí úsáid a bhaint as 6 charachtar suimiúla a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Glac páirt sa chraic agus cuidigh chun glúin de shaoránaigh dhigiteacha eolacha a mhúnlú!
Cuidigh le do dhaltaí scileanna smaointeoireachta criticiúla agus scileanna seiceála fíricí a fhoghlaim agus a chleachtadh ar bhealach spraíúil, trí úsáid a bhaint as acmhainní an Aontais. Tá an ghníomhaíocht seomra ranga seo deartha do dhaltaí idir 16 agus 18 mbliana d’aois.
(Ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis)
Ar an ábhar céanna

Faigh amach faoi ‘Tóraíocht Europa’, an uirlis oideachais nua atá bunaithe ar quiz chun feabhas a chur ar obair foirne agus ar chumarsáid agus nochtadh á fháil ag an am céanna ar institiúidí, stair, cinnteoireacht agus cultúr an Aontais, i measc rudaí eile. Tá sé le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas agus tá sé foirfe chun an chomhfhoghlaim a chothú!

- Highlighted
An mbeidh todhchaí shláintiúil agat? Roghnaigh d’abhatár agus ar aghaidh leat ar thuras trí lá tipiciúil chun a fháil amach.

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

- Highlighted
Léirítear san fhíseán seo na difríochtaí idir an dá institiúid sin agus mínítear inti na príomhróil atá acu.

Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.

- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!

Ar mhaith le do dhaltaí cuidiú chun difear a dhéanamh sa domhan? Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, spreagtar daltaí chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha trí cheithre cheacht idirghníomhacha maidir leis an daonlathas san Aontas agus leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Uirlis teagaisc faoin Aontas Eorpach chun cur leis an bhfeasacht i measc daltaí 10 mbliana d’aois agus os a chionn.