- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
- Tráth na gCeist
- Físeán
- Ról-imirt
- Suíomh gréasáin

Is féidir a mheas gur éirigh le téarnamh ainmhithe creiche móra na hEorpa, amhail an mac tíre, an béar nó an lincse. Ach mar thoradh ar a bhfilleadh tar éis na mblianta dá ndíothaithe, tá méadú tagtha ar choinbhleachtaí freisin, go háirithe sna limistéir a chomhroinntear leis na speicis sin agus mar a bhféadfadh creachóireacht ar bheostoc a bheith ann.
D’fhorbair baill Ardán Eorpach na nAinmhithe Creiche Móra cluiche spraíúil idirghníomhach chun deis a thabhairt duit tú féin a chur in áit aoire, sealgaire, caomhantóir dúlra nó polaiteoir áitiúil agus teacht ar réitigh le chéile le haghaidh cómhaireachtáil inbhuanaithe fhadtéarmach leis an mac tíre ina limistéar féin.
Agus iad ag imirt an chluiche rólimeartha, beidh na scoláirí in ann foghlaim faoi leasanna agus dearcthaí daoine eile agus faoin méid a spreag na dearcthaí sin; obair a dhéanamh ar fhorbairt phearsanta agus ar scileanna idirbheartaíochta mar gur gá don ghrúpa teacht ar chomhréiteach; agus níos mó a fhoghlaim faoin mac tíre agus faoina bhitheolaíocht.
Chomh maith le tuilleadh a fhoghlaim faoi bhitheolaíocht an mhic tíre, cuirtear béim ar leith ar idirphlé agus ar urraim do dhearcthaí na bpáirtithe leasmhara éagsúla a chur chun cinn trí chabhrú le daoine óga tuiscint a fháil ar na gnéithe bunaidh sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha a bhaineann le cómhaireachtáil idir daoine agus speicis ainmhithe creiche móra.
Tá an cluiche seo ar fáil sna teangacha seo a leanas: Béarla, Cróitis, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Ollainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Spáinnis agus Ungáiris.
Beidh teangacha eile ann go luath. Coinnigh súil amach!
Ar an ábhar céanna

Níl aon am le cur amú. Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm orainn go léir ar bhealach amháin nó ar bhealach eile cheana féin.

- Highlighted
An mbeidh todhchaí shláintiúil agat? Roghnaigh d’abhatár agus ar aghaidh leat ar thuras trí lá tipiciúil chun a fháil amach.

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach 3 bhilliún crann breise a chur faoi 2030. Is cuid dá uaillmhian é chun an dúlra a thabhairt ar ais san Eoraip agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide — agus is féidir le gach duine páirt a ghlacadh ann!

Tá cathracha lán den bhithéagsúlacht agus tá sé tábhachtach go gcosnaímid í óir tá ár gcáilíocht saoil, an t-aer glan, an bia agus an t-uisce atá agai...

Forbraíodh na huirlisí mar chuid den fheachtas ‘Green Trip’ lena gcuirtear tionscadail agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe chun cinn i measc Eorpaigh óga.

Shínigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras 2015 i dtaca leis an athrú aeráide, comhaontú ina bhfuil plean gníomhaíochta chun teocht an domhain a choi...

Dearadh an tsraith uirlisí ar líne seo chun tacú le gach duine atá ag lorg acmhainní oideachais cruthaitheacha chun daltaí idir 13-16 bliana d’aois a spreagadh le páirt a ghlacadh i gcaomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa

Féach an suíomh idirghníomhach ‘Ár bpláinéad, ár dtodhchaí’ chun foghlaim faoi na gnéithe eolaíochta den athrú aeráide, na himeachtaí atá ar siúl ar f...