- Aoisghrúpa
- Réimse
- Cineál an ábhair
- Leabhar gníomhaíochta
- Leabhar scéalta
- Uirlis teagaisc

Ar mhaith leat go bhforbródh do dhaltaí buneolas ar an Aontas Eorpach (AE), ach an mbraitheann tú go bhfuil an t-ábhar róchasta dóibh? Taispeáin Yooki an lampróg agus a chairde ar ainmhithe iad dóibh!
Tabharfaidh ár laoch beag isteach chuig domhan samhailteach iad eolas a chur ar cad go díreach é an tAontas Eorpach, cén fáth ar cruthaíodh é agus cén ról atá ag an gComhairle agus ag na Ballstáit.
Tá an pacáiste ar fáil i 24 theanga agus tá sé curtha in oiriúint do leanaí idir 7 agus 9 mblianad’aois.

An bhfuil bealach spraíúil á lorg agat chun an tAontas Eorpach a chur i láthair páistí óga? D’fhéadfadh an leabhar dathúcháin oideachasúil seo a bheith ina thús maith. Is féidir le leanaí bratacha thíortha an Aontais a dhathú trí úsáid a bhaint as na múnlaí a chuirtear ar fáil, a n-ainmneacha a scríobh síos leis an leid a thugtar, agus na greamáin a mheaitseáil leis na bratacha agus na cruthanna tíre comhfhreagracha.
Ar fáil i 24 theanga.
Oiriúnach do leanaí idir 5 agus 8 mbliana d’aois.
Ar an ábhar céanna

Faigh amach faoi ‘Tóraíocht Europa’, an uirlis oideachais nua atá bunaithe ar quiz chun feabhas a chur ar obair foirne agus ar chumarsáid agus nochtadh á fháil ag an am céanna ar institiúidí, stair, cinnteoireacht agus cultúr an Aontais, i measc rudaí eile. Tá sé le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas agus tá sé foirfe chun an chomhfhoghlaim a chothú!

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.

Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.

- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!

Ar mhaith le do dhaltaí cuidiú chun difear a dhéanamh sa domhan? Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, spreagtar daltaí chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha trí cheithre cheacht idirghníomhacha maidir leis an daonlathas san Aontas agus leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Uirlis teagaisc faoin Aontas Eorpach chun cur leis an bhfeasacht i measc daltaí 10 mbliana d’aois agus os a chionn.

Scannán de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna léiriú i gcomhair Lá na hEorpa, 9 Bealtaine 2015. An leabhar Europe, a Leap into the Unknown le ...