Is uirlis éifeachtach iad léarscáileanna a chabhraíonn le léitheoirí eolas casta a thuiscint go tapa agus é a chur i gcomhthéacs geografach. Le huirlis IMAGE Eurostat is féidir leat do léarscáileanna staitistiúla Eorpacha féin a ullmhú agus tá roghanna éagsúla réamhshainithe ar fáil i dtaca le leagan amach. Cuireann an gineadóir léarscáil réimse leathan roghanna ar fáil. Féadfaidh tú sonraí náisiúnta agus réigiúnacha araon a úsáid, na sonraí a uaslódáil nó iad a lódáil go díreach ó bhunachar sonraí Eurostat. Ina theannta sin, tugann an uirlis deis duit díriú ar do thír féin, nó léarscáil dhomhanda a roghnú. Chun tús a chur leis is féidir féachaint ar an rannán cabhrach, áit a bhfuil taispeántas físe agus cleachtaí oiliúna. Tá an uirlis IMAGE le fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Ábhar foghlama nua
Ar smaoinigh tú riamh ar an gcaoi a n-ullmhaítear ár léarscáileanna staitistiúla? Ar mhaith leat do cheann féin a ullmhú? Is uirlis ghréasánbhunaithe é Gineadóir Léarscáileanna Idirghníomhacha Eurostat (IMAGE) a ligeann duit léarscáileanna staitistiúla gairmiúla a chruthú go tapa, sonraí a chur leo nó iad a lódáil go díreach ó bhunachar sonraí Eurostat.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 12 Nollaig 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News