
Bíonn uachtaránacht an Aontais Eorpaigh ag na Ballstáit ar a seal. Le linn tréimhse 6 mhí, is í an tír ag a bhfuil an uachtaránacht a bhíonn i gceannas ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a eagraíonn cruinnithe cheannairí na mBallstát, agus a chuireann in iúl cé na réimsí inar mhian léi go ndéanfadh an tAontas dul chun cinn.
Ó bhí an 1 Iúil ann, is é seal na Seicia ar an uachtaránacht atá ann.
Tá 5 thosaíocht leagtha síos ag an tír ar ar cheart don Aontas díriú sna míonna amach romhainn, faoin mana ‘An Eoraip mar Chúram: Athsmaoineamh, Atógáil, Athchumhachtú’:
-
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
-
Slándáil Fuinnimh
-
Cosaint agus cibearshlándáil na hEorpa
-
An geilleagar Eorpach
-
Athléimneacht na n-institiúidí daonlathacha
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le hUachtaránacht na Seicia ar an Aontas Eorpach, a tosaíochtaí, imeachtaí cultúrtha, agus maidir leis an dóigh ar cinneadh an lógó agus an mana: An Uachtaránacht (europa.eu)
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an tSeicia…agus na Ballstáit eile, bain triail as an gcluiche ‘An tAontas Eorpach: cad atá i gceist leis?’
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 18 Iúil 2022
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News