Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta10 Eanáir 2022Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Ceannas glactha ag an bhFrainc ar an Aontas Eorpach

""
© European Union

Gach sé mhí, bíonn Ballstát difriúil den Aontas Eorpach i gceannas ar an Aontas. Is éard is brí leis sin go bhfuil an tír i gceannas ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, go n-eagraíonn sí cruinnithe cheannairí na mBallstát, agus go gcuireann sí in iúl na réimsí inar mhaith léi go ndéanfadh an tAontas dul chun cinn. Cuireadh tús le tréimhse na Fraince an 1 Eanáir.
Is é an mana atá ag an bhFrainc ‘Téarnamh, neart, muintearas’ agus is iad seo a leanas na cuspóirí atá aici:
- téarnamh eacnamaíoch agus athchumhachtú an gheilleagair chun cur ar chumas na hEorpa an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach;
- an neart chun ár luachanna agus ár leasanna a chosaint agus a chur chun cinn;
- an muintearas chun fís chomhchoiteann Eorpach a chruthú agus a fhorbairt: tríd an gcultúr, ár luachanna agus ár stair chomhchoiteann.

I gcomhar le Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, beidh deis ar leith ag an bhFrainc freisin clabhsúr a chur ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, sin agus Bliain Eorpach na hÓige a sheoladh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhFrainc, bain triail as an gcluiche ‘An tAontas Eorpach:cad atá i gceis leis?’ agus féach an bhileog eolais ‘An tAontas Eorpach – Fíricí agus figiúirí

Tuilleadh eolais faoi Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

 

Sonraí

Dáta foilsithe
10 Eanáir 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News