Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 5 Meán Fómhair 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Suirbhé ar líne do leanaí faoin gcibearbhulaíocht

Prevent Cyberbullying

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair ar phlean gníomhaíochta maidir leis an gcibearbhulaíocht. Cuirfear san áireamh ann gníomhaíochtaí atá le déanamh ag daoine fásta, scoileanna agus ardáin meán sóisialta chun an chibearbhulaíocht a chosc agus chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do leanaí a ndéanann sí difear dóibh.

Chun a chinntiú go bhfreastalaíonn an plean ar riachtanais leanaí, go n-urramaíonn sé a gcearta agus go léiríonn sé a n-eispéiris saoil, ní mór dúinn cloisteáil uathu. Chuige sin, sheol Ardán an Aontais um Rannpháirtíochta Leanaí suirbhé ar líne (i dteangacha uile an Aontais) do leanaí agus do dhéagóirí idir 12-17 mbliana d’aois.

Is féidir le leanaí an suirbhé a dhéanamh ina n-aonar, le tacaíocht ó dhuine fásta iontaofa, nó mar chuid de sheisiún ábhartha sa seomra ranga. D’fhonn a chinntiú go bhfuil an suirbhé fabhrach do leanaí, tá sé athbhreithnithe ag baill ar leanaí iad d’Ardán an Aontais um Rannpháirtíochta Leanaí, agus rinneadh athruithe air bunaithe ar a n-aiseolas.

Dúnfar an suirbhé ar líne agus Comhairliúchán an Aontais araon an 29 Meán Fómhair 2025.

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Meán Fómhair 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide