
Ní fada uainn COP30 anois, mar sin is é seo an t-am ceart chun an ghníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn sa seomra ranga!
Más múinteoir thú a chreideann go mór gur ceart gníomhú ar son na haeráide, b’fhéidir gur spéis leat iarratas a dhéanamh chun bheith i d’Ambasadóir/i do Chomhpháirtí le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide, nó seimineáir ghréasáin a chur chun cinn maidir le ceannaireacht óige sa ghníomhaíocht ar son na haeráide.
I do cháil mar Ambasadóir nó Comhpháirtí le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide, is é an cúram a bheidh ort misean an Chomhshocraithe a chur chun cinn i do cheantar féin: an t-athrú aeráide a mhíniú go simplí, daltaí a spreagadh chun gníomhú, gníomhaíochtaí, ceardlanna agus laethanta curtha crann a eagrú, agus na daltaí a cheangal le líonraí agus lucht cinnteoireachta ar fud na hEorpa. Déan iarratas ar líne faoin 31 Deireadh Fómhair 2025.
Is féidir leat seimineáir ghréasáin na Ceannaireachta Óige don Aeráid a chomhroinnt le do dhaltaí! Tá na himeachtaí sin oscailte do dhaoine óga atá 16 bliana d’aois agus níos sine, agus tá sé saor in aisce clárú. Cuid d’Acadamh an Aontais um Ghníomhú ar son na hAeráide is ea iad, ina bhfaighidh na daltaí léargas, uirlisí agus smaointe praiticiúla chun tionscnaimh áitiúla a nascadh le creata domhanda aeráide. Seo a leanas na chéad seisiúin eile:
- Bunghnéithe na Ceannaireachta Óige don Aeráid, an 15 Deireadh Fómhair (12:30–14:00 am samhraidh Lár na hEorpa)
- An bealach á réiteach ag an óige chuig COP30, an 6 Samhain (12:15–13:00 am Lár na hEorpa).
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 15 Deireadh Fómhair 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide





