
Bíonn Lá na Sábháilteachta Idirlín ar siúl i mí Feabhra gach bliain agus is ócáid í a aithnítear go hidirnáisiúnta chun feasacht a mhúscailt maidir le sábháilteacht ar líne do dhaoine de gach aois, ach do dhaoine óga go háirithe. Is mó an tionchar ná riamh atá ag an domhan digiteach ar ár saol laethúil, agus dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine conas a mbealach a dhéanamh thart ar an spás sin ionas go mbainfimid an leas is fearr as agus go mbeimid ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis. Is é is aidhm do Lá na Sábháilteachta Idirlín cabhrú le daoine óga, lena dtuismitheoirí agus lena múinteoirí úsáid mhuiníneach a bhaint as spásanna digiteacha agus fanacht sábháilte ar líne ag an am céanna.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Lá na Sábháilteachta Idirlín, féach an léarscáil seo (atá ar fáil i mBéarla amháin) agus roghnaigh do thír chun na himeachtaí atá ar siúl i do cheantar a fheiceáil.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 6 Feabhra 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide