
Cuir i gcoinne na frithsheasmhachta frithmhiocróbaí – ní neart go cur le chéile!
Ón 18-24 Samhain déanaimid ceiliúradh ar an tSeachtain Feasachta Domhanda maidir le Frithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach, tionscnamh domhanda chun dul i ngleic leis an mbagairt mhéadaitheach ó fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus cógais fhrithmhiocróbacha eile. Is féidir leis an tsaincheist sin difear a dhéanamh do dhuine ar bith, áit ar bith, agus iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don tsláinte agus don tsochaí. Tá ról le himirt ag gach duine anois sa chomhrac i gcoinne na frithsheasmhachta frithmhiocróbaí. Cén fáth nach dtabharfá an t-ábhar ríthábhachtach seo isteach i do sheomra ranga, mar chuid de churaclam eolaíochta nó saoránachta, nó mar chuid de cheacht ar an tsláinte?
Cibé acu is aidhm duit feasacht a mhúscailt nó an eolaíocht atá taobh thiar den fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a fhiosrú ar bhealach níos doimhne, tugann an t-ábhar teagaisc ‘Only Up: Beat the Bug’ an t-eolas agus an cumas d’fhoghlaimeoirí chun gníomhú. I ndeireadh na dála, misean comhroinnte atá ann: an fhrithsheasmhacht a shárú sula sáraí sí sinne.

Glac páirt sa chluiche ‘Beat the Bug’ agus sa tsraith uirlisí teagaisc chun troid in aghaidh miocróib atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach. Déan do bhealach trí chórais choirp, foghlaim conas a theipeann ar chógais agus conas a ndéantar ár gcosaint a athneartú le roghanna cliste.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 18 Samhain 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- 12 - 15 bliana
- Type of content
- Celebration





