
An 19-20 Márta 2026 reáchtálfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a imeacht bliantúil don óige, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS), ag a áitreabh sa Bhruiséil. Mar chuid den tionól dhá lá, tugtar le chéile daltaí meánscoile (16-18 mbliana d’aois), daoine fásta óga (18–25 bliana d’aois) agus oideoirí ó Bhallstáit uile an Aontais, ó thíortha is iarrthóirí, agus ón Ríocht Aontaithe.
Trí cheardlanna, agus trí sheisiúin chomhoibríocha i mBéarla, déanfaidh na rannpháirtithe iniúchadh le chéile ar na príomhthéamaí comhroinnte is tábhachtaí do dhaoine óga san Eoraip. A mhúinteoirí meánscoile, a dhaltaí agus a dhaoine fásta óga – seo é an deis agat chun an bealach a réiteach le haghaidh comhráite fiúntacha.
Le YEYS, spreagtar idirphlé oscailte, éisteacht ghníomhach agus rannpháirtíocht shibhialta. Cuireann sé spás ar fáil lena dtugtar cluas do ghuthanna óga, agus lena malartaítear smaointe thar theorainneacha agus cúlraí.
Faigh tuilleadh eolais faoi YEYS agus féach leat an bhfuil tú incháilithe le hiarratas a dhéanamh. Tá na hiarratais ar oscailt go dtí an 30 Samhain 2025.
Bí cinnte YEYS a leanúint ar Instagram agus Facebook chun fógraí tábhachtacha a fháil agus chun fanacht ar an eolas!
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 22 Deireadh Fómhair 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide





