Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Leatsa an Eoraip, Abair leat! ag fáil réidh do na Toghcháin Eorpacha

Tá Leatsa an Eoraip, Abair leat! ar ais arís chun béim ar leith a leagan ar na toghcháin Eorpacha. An uair seo, tugtar cuireadh do dhaoine idir 18-25 bliana d’aois atá ar tí vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha den chéad uair nó den dara huair iarratas a dhéanamh.

  • Fógra nuachta
  • 12 Nollaig 2023
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
""

Leis an imeacht, cothófar tuiscint níos fearr ar luachanna Eorpacha, cuir i gcás an tsaoránacht ghníomhach agus an daonlathas rannpháirteach.

Eagróidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) YEYS sa Bhruiséil an 6 Márta 2024. Comhroinnfidh na rannpháirtithe smaointe i mBéarla le piaraí ó gach cearn den Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin. Déanfaidh siad moltaí a phlé agus a dhéanamh, ar moltaí iad a chuireann le gníomhaíochtaí réamhthoghcháin CESE agus a mhúnlóidh rún ó CESE maidir leis na toghcháin Eorpacha.

Is deis ar leith í seo do dhaoine óga tuiscint níos fearr a fháil ar an dóigh a n-oibríonn an tAontas Eorpach agus páirt a ghlacadh i ndíospóireacht mar a bheadh comhthionól ann i dtimpeallacht éagsúil. Is é an 31 Nollaig an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh. Faigh tuilleadh eolais.

 

 

 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Nollaig 2023 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 16 Samhain 2023)
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide