
Tá Toghcháin Eorpacha 2024 ag druidim linn go tapa, agus gach seans go mbeidh ceisteanna ag daoine óga sula gcaitheann siad a vóta den chéad uair. Faigh an t-eolas go léir a theastaíonn maidir le do vóta a chaitheamh sa bhileog spleodrach seo atá ar fáil i 24 theanga. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais freisin maidir le deiseanna a bhaineann leis an Aontas atá ar fáil do dhaoine óga chun cuidiú leo an Eoraip a bheidh ann amach anseo a mhúnlú.

Detailed information on the EU’s impact on the lives of individual citizens and local communities can be found on a multilingual website of the European Parliament’s Research Service.

San Aontas Eorpach, d’fhéadfadh sé gur léir dúinn an daonlathas sa lá atá inniu ann. Ach ní mar sin a bhí i gcónaí.
Níl sé i bhfad ón ré nach raibh Eorpaigh in ann vóta a chaitheamh nó fiú labhairt amach gan bhac. Ré a d’fhéadfadh an saol a bheith i mbaol de bharr daoine a bheith difriúil, creidimh...

Is é cuspóir na sraithe uirlisí oideachais seo ná rochtain éasca ar acmhainní oideachasúla a chur ar fáil a chuideoidh leat buntáistí an Aontais Eorpaigh, ról Pharlaimint na hEorpa agus an tábhacht a bhaineann le vótáil sna toghcháin Eorpacha a mhíniú do dhaoine óga.

Cad a bhíonn á dhéanamh ag Parlaimint na hEorpa agus conas a oibríonn sé?
Conas a fheidhmíonn an tAontas Eorpach agus Parlaimint na hEorpa agus conas a théann siad chun tairbhe duit? Tuilleadh eolais sna físeáin thíos.

Is tionscadal arna reáchtáil ag Parlaimint na hEorpa é lecheile.eu, atá tiomanta chun a oiread daoine agus is féidir a spreagadh chun bheith rannpháirteach i saol daonlathach na hEorpa, go háirithe chun an lucht vótála a mhéadú le haghaidh na dtoghchán Eorpach in 2024.

Tá Leatsa an Eoraip, Abair leat! ar ais arís chun béim ar leith a leagan ar na toghcháin Eorpacha. An uair seo, tugtar cuireadh do dhaoine idir 18-25 bliana d’aois atá ar tí vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha den chéad uair nó den dara huair iarratas a dhéanamh.

Cibé rud atá uait, tá rud éigin ag tarlú i bParlaimint na hEorpa – agus tugtar cuireadh do gach duine.

Is é an Coimisiún an brainse feidhmiúcháin den Aontas Eorpach agus tá ról mór ag an bParlaimint i roghnú bhaill an Choimisiúin.