- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Stair an Aontais Eorpaigh
- Cineál an ábhair
- Físeán

Nach é an dóigh is fearr le stair an Aontais Eorpaigh a mhíniú ná dul siar chuig an tráth a cruthaíodh é? Sa tsraith seo de sheacht bhfíseán, ina bhfuil an cúlra deartha le gach ré ar leith a léiriú, caitear súil siar ar na fíricí agus na himeachtaí is suntasaí i stair an Aontais Eorpaigh, ón uair a bunaíodh é sna caogaidí go dtí an lá atá inniu ann.
Is féidir teacht ar na fotheidil i 24 theanga faoi gach físeán ar thaobh na láimhe deise. Go n-éirí an turas leat!
Na 1950í
Bí linn agus rachaimis ar aistear siar go dtí na 1950í – tréimhse nua síochána, comhghuaillíochtaí eacnamaíocha agus comhar trasteorann san Eoraip.
Na 1960í
Tabhair Saoirse na Seascaidí chun cuimhne in éineacht leis an Aontas – tréimhse fáis eacnamaíoch agus comhpháirtíochtaí faoi bhláth, ach tráth agóidí mac léinn freisin.
Na 1970í
Féach leat an chaoi a raibh an tAontas sna 1970í – é 100% réidh chun dul i dtreo Chomhphobal uile-Eorpach níos mó – nó Aontas – de réir mar a chuir na 6 bhall bunaidh fáilte roimh Bhallstáit nua.
Na 1980í
Ba iad na 1980í an deacáid inar tharla cor cinniúnach na teicneolaíochta, sin agus mórthubaistí éiceolaíocha agus daonna arbh í gluaiseacht dlúthpháirtíochta dhomhanda an toradh orthu. Lean an #EU ar aghaidh ag troid i gcoinne neamhionannais i measc réigiúin an chómhargaidh, chuir sé fáilte roimh an nGréig, an Spáinn agus an bPortaingéil agus bhunaigh sé bratach an Aontais.
Na 1990í
Solas a chaitheamh ar na 1990í, a bhí spreagúil agus dúshlánach – deacáid inar tharla lánpháirtiú breise san Aontas, inar cliseadh ar an Aontas Sóivéadach agus inar tugadh airgeadra an euro isteach.
Na 2000í
An bhfuil tú réidh le dul siar go dtí na 2000í? Ó Phrótacal Kyoto go dtí an ghéarchéim airgeadais, bhí an deacáid sin lán de dhúshláin agus d’éachtaí.
Na 2010í
Féachaimis siar ar an am atá caite againn le déanaí: na 2010í. Ó ghéarchéim na ndídeanaithe go dtí RGCS agus téarnamh airgeadais – tá go leor le plé!
Ar an ábhar céanna
#EuroAt20
Ár leithscéal, ach níl an t-ábhar sin ar fáil i nGaeilge.Ar an leathanach gréasáin seo tá roinnt físeán mínitheach agus tuilleadh eolais faoin euro.
AE i sleamhnáin
These slides can be used by teachers to make a powerpoint presentation about the EU. Each slide provides some simple facts or keywords in a style that can be easily understood by an audience with no prior knowledge of the EU.
Amlíne an Aontais Eorpaigh
Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo
Amlíne: cearta na mban san Aontas Eorpach
Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.
An AE: Cad atá i gceist leis?
Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...
An Eoraip ó ghlúin go glúin
Scannán de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna léiriú i gcomhair Lá na hEorpa, 9 Bealtaine 2015. An leabhar Europe, a Leap into the Unknown le ...
An tAontas Eorpach: Cad é agus cad a dhéanann sé?
Eolas faoin Aontas Eorpach agus faoin obair a bhíonn ar siúl aige atá san fhoilseachán seo. Sa chéad chuid de, tugtar míniú gearr ar an Aontas Eorpach...
Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh – 50 bliain ar an bhfód
In 2018 bhí cothrom 50 bliain ó bunaíodh Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh á cheiliúradh san Aontas Eorpach.