Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta12 Meán Fómhair 2022Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Tús curtha le comórtas aistritheoirí óga an Aontais!

""

Is féidir le meánscoileanna i ngach tír den Aontas clárú anois le haghaidh Juvenes Translatores, comórtas bliantúil aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh. I mbliana, déanfaidh daltaí óga a rugadh in 2005 téacsanna ar an ábhar ‘Óige na hEorpa’ a aistriú.

Is féidir le scoileanna clárú ar líne ionas go mbeidh a gcuid daltaí in ann dul in iomaíocht lena gcomhghleacaithe ar fud an Aontais. Is féidir clárú in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais go dtí 12.00 Am Lár na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Beidh an comórtas ar siúl ar líne an 24 Samhain.

 

Cláraigh anois

 

Cúlra

Gach bliain ó bhí 2007 ann, tá an comórtas Juvenes Translatores á reáchtáil ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh i scoileanna ar fud an Aontais Eorpaigh. Blaiseadh de ghairm an aistritheora agus an spreagadh le teangacha iasachta a fhoghlaim, sin an rud a thugann an comórtas aistriúcháin do dhaoine óga, agus seans go mbeidh cuid acu ina n-aistritheoirí gairmiúla amach anseo dá bharr. Glacann thart ar 3,000 déagóir ó bheagnach 700 meánscoil páirt sa chomórtas gach bliain.

Rialacha agus treoracha

Preaseisiúint

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Meán Fómhair 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
Competition