Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta11 Feabhra 2024Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Lá Eorpach 112

Uimhir theileafóin éigeandála na hEorpa

112 (emergency telephone number)

 

An bhfuil a fhios agat cén uimhir le glao a chur uirthi i gcás éigeandála? Ar ábharaí an tsaoil, níl ach aon uimhir amháin le cuimhneamh uirthi ar fud na hEorpa: 112.  

Is féidir glaoch ar 112 ó aon ghuthán, ó áit ar bith san Eoraip, saor in aisce. Freagróidh oibreoirí oilte do ghlao, agus is féidir leo labhairt i dteanga náisiúnta na tíre ina bhfuil tú. Is féidir leo freisin déileáil go díreach le do chás éigeandála, sin nó é a chur ar aghaidh chuig an tseirbhís ábhartha sa tír sin. An bhfuil imní ort go ndéanfaidh tú dearmad ar an uimhir le glao a chur uirthi? Cuimhnigh air mar seo, 1+1=2 (112)! 

Reáchtáltar Lá Eorpach 112 gach bliain ar an 11 Feabhra (11/2), agus i mbliana, déanaimid ceiliúradh ar an obair chrua agus ar an gcomhordú a dhéantar chun go mbeidh seirbhís theileafóin 112 éifeacht agus nasctha gan stró do shaoránaigh uile na hEorpa. Coinníonn sí sábháilte sinn! 

A bhuí le 112, má bhíonn tú i gcás éigeandála riamh, tá uimhir iontaofa shábhailte ann atá éasca le cuimhneamh uirthi. 

Sonraí

Dáta foilsithe
11 Feabhra 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News