Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta11 Eanáir 2024Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Comórtas ImagineEU – Is fútsa atá sé!

Le déanaí, d’iarr comórtas ImagineEU ar mhic léinn atá sa dá bhliain dheireanacha den mheánscoil níos mó a fhoghlaim faoin tsaoránacht ghníomhach san Aontas Eorpach.

""

Anois is fútsa atá sé féachaint ar a gcuid smaointe agus vóta a chaitheamh ar na hiontrálacha is spreagúla. Is féidir leat níos mó ná físeán amháin a roghnú! Cabhraigh linn cinneadh a dhéanamh cén grúpa a bhuafaidh turas staidéir chun na Bruiséile.

Tá an comórtas seo dírithe ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), príomhuirlis de chuid an daonlathais rannpháirtíochta san Aontas, rud a thugann deis do shaoránaigh páirt ghníomhach a ghlacadh i gcinnteoireacht an Aontais.

D’fhéadfadh scoileanna úsáid a bhaint as ‘Daonlathas an Aontais i mbun Gníomhaíochta – Cloisimis uait le sraith straitéisí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh’ chun ullmhú don chomórtas. Tá sí ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Tá 4 mhodúl inti ina bhfuil físeáin oideachasúla agus gníomhaíochtaí ina gclúdaítear ábhair.

Is féidir vóta a chaitheamh suas go dtí an 28 Eanáir.

Sonraí

Dáta foilsithe
11 Eanáir 2024 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 11 Eanáir 2024)
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News