Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Juvenes Translatores: daoine óga tréitheacha san aistriúchán a lorg

An bhfuil dúil mhór agat sna teangacha? An maith leat a bheith cruthaitheach ó thaobh na bhfocal de? Má tá, d’fhéadfadh comórtas Juvenes Translatores a bheith ina dheis iontach duit!

  • Alt nuachta
  • 3 Meán Fómhair 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad
Juvenes Translatores 2026-2027

Is comórtas aistriúcháin bliantúil é atá oscailte do dhaltaí meánscoile ar fud an Aontais Eorpaigh a rugadh in 2009 lena gcuid scileanna teanga a thástáil. Is féidir le rannpháirtithe aistriúchán a dhéanamh idir aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais – sin 552 phéire teangacha a d’fhéadfaí a roghnú!

Iarrtar ar 720 scoil ar fud an Aontais san iomlán páirt a ghlacadh ann, agus sciar gach tíre bunaithe ar an líon suíochán atá aici i bParlaimint na hEorpa. Ó thosaigh an comórtas in 2007, déanann níos mó ná 3,000 déagóir an dúshlán a ghabháil orthu féin gach bliain chun bheith ina n-aistritheoir ar feadh lae.

Is é an dúshlán atá ann téacs aon leathanaigh a aistriú agus leas á bhaint agat as do chuid scileanna teanga, do chruthaitheacht, agus do chumas na focail chearta a roghnú.

Agus ní hé sin a dheireadh! Tabharfar cuireadh do na 27 mbuaiteoir – duine amháin as gach Ballstát den Aontas – teacht go dtí an Bhruiséil le haghaidh turas trí lá i mí Aibreáin 2027, a mbeidh searmanas bronnta speisialta ann mar chuid de chun ceiliúradh a dhéanamh.

An bhfuil tú réidh le do chuid scileanna teanga a thástáil? D’fhéadfadh do chuid focal tú a thabhairt go dtí an Bhruiséil!

🗓️ Cuir an dáta i d’fhéilire: is féidir clárú idir an 1 Meán Fómhair (12:00) agus an 12 Deireadh Fómhair (23:59) 2026 (Am Lár na hEorpa). 

Féach leat suíomh gréasáin Juvenes Translatores chun tuilleadh sonraí a fháil!

Dáta foilsithe
3 Meán Fómhair 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • Competition