Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner
  • Fógra nuachta
  • 11 Samhain 2022
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Leatsa an Eoraip, Abair leat!

""

An mbíonn tú ag teagasc déagóirí atá idir 16 agus 18 mbliana d’aois? Ar mhaith leat cuidiú leo tuiscint a fháil ar luachanna Eorpacha agus ar an gciall atá leis an tsaoránacht ghníomhach i ndaonlathas rannpháirteach?

Dá mba mhaith, glac páirt mar sin i Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS), imeacht a bheidh á eagrú ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa sa Bhruiséil an 23 agus an 24 Márta 2023! Comhroinn smaointe i mBéarla le daltaí agus le múinteoirí ó 34 thír le linn imeacht spreagúil idirghníomhach.

Má roghnaítear do scoil, tabharfar cuireadh do thriúr daltaí agus do mhúinteoir amháin freastal ar an imeacht agus páirt a ghlacadh ann, mar a mbuailfidh siad le daltaí ó na tíortha eile.

Is deis ar leith é an t-imeacht seo do dhaoine óga tuiscint níos fearr a fháil ar an dóigh a n-oibríonn an tAontas Eorpach agus páirt a ghlacadh i ndíospóireacht mar a bheadh comhthionól ann i dtimpeallacht ilchultúrtha.

Cláraigh do scoil roimh an 30 Samhain 2022

 

Sonraí

Dáta foilsithe
11 Samhain 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Aoisghrúpa
  • 15 bliana nó níos sine
Type of content
  • Event