Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2026, beidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an gCipir. Is ról tábhachtach é sin a rothlaíonn gach 6 mhí idir na Ballstáit den Aontas. Le linn na tréimhse sin, is í an Chipir a thabharfaidh treoir d’obair airí an Aontais, eagróidh sí cruinnithe sa Bhruiséil agus ar fud na hEorpa, agus cuideoidh sí chun dlíthe nua a mhúnlú a dhéanfaidh difear do gach Eorpach. Feidhmeoidh sí freisin mar ‘thógálaí droichid’ idir institiúidí an Aontais, is iad sin: an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa, agus an Coimisiún Eorpach.
Cad air a ndíreoidh an Chipir?
Ar an gcéad dul síos, an tslándáil. Tá sé d’aidhm ag Uachtaránacht na Cipire freagairt na hEorpa ar bhagairtí seachtracha a neartú, bainistiú teorainneacha a fheabhsú, agus tacú leis an gcomhar maidir le cosaint agus imirce. Ar an dara dul síos, an t-iomaíochas. Is mian leis an gCipir cabhrú leis an Aontas fanacht láidir i ndomhan níos glaise agus níos digití tríd an nuálaíocht a spreagadh, trí rialacha digiteacha a shimpliú, agus trí thacú le tionscail na hEorpa. Ar an tríú dul síos, buiséad fadtéarmach na hEorpa. In 2026 rachaidh na Ballstáit den Aontas i mbun caibidlíochta maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile (an plean airgeadais lena dtugtar treoir do chaiteachas an Aontais ar feadh 7 mbliana). Beidh ról lárnach ag an gCipir maidir le cuidiú leis na 27 dtír teacht ar chomhsheasamh. Ar deireadh, is mian leis an gCipir an tAontas a thabhairt níos gaire dá mhuintir. Is éard atá i gceist leis sin tacú le tionscnaimh don óige, leis an gcuimsiú sóisialta agus le beartais a dhéanann fíordhifríocht i saol laethúil mhuintir na hEorpa.
Cé go mbeidh an uachtaránacht aici, ní thabharfar an chumhacht don Chipir cinntí a dhéanamh aisti féin, ach tabharfar an fhreagracht di an plé a stiúradh chun an tAontas a choinneáil ar an mbealach ar aghaidh.
Chun eolas a fháil faoin gcaoi a ndéanann an Chomhairle cinntí, bain triail as cluiche rólimeartha leo.

Glac ról aire náisiúnta agus faigh léargas ar chinnteoireacht an Aontais trí chaibidlíocht a dhéanamh faoi fhíorábhair thábhachtacha.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 22 Nollaig 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News




