Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 1 Eanáir 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

An Bhulgáire tagtha isteach sa Limistéar Euro: Tús le Ré nua

An 1 Eanáir 2026 ghlac an Bhulgáir an euro, rud a fhágann gurb í an 21ú ball den limistéar euro. 

An 1 Eanáir 2026 ghlac an Bhulgáir an euro, rud a fhágann gurb í an 21ú ball den limistéar euro. Is cloch mhíle mhór é sin in aistear Eorpach na tíre. Le blianta fada anuas, bhí lev na Bulgáire ceangailte leis an euro ag ráta seasta €1 = 1.95583 lev, mar sin beidh cur amach ag daoine ar an athrú. Ach tá deiseanna nua ag baint leis an euro a ghlacadh go hoifigiúil, an méid seo a leanas ina measc: taisteal agus siopadóireacht níos éasca ar fud na hEorpa, deireadh le táillí malartaithe, agus rannpháirtíocht níos láidre i gcinntí eacnamaíocha na hEorpa.

Cén chaoi ar bhain an Bhulgáir an pointe seo amach?

In 2025 dheimhnigh an Banc Ceannais Eorpach gur chomhlíon an Bhulgáir na ceanglais uile chun dul isteach sa euro. Thug airí an Aontais cead deiridh ansin i mí Iúil 2025, rud a réitigh an bealach le haghaidh aistriú na tíre chuig an airgeadra nua. Chun cabhrú le daoine iad féin a ullmhú, tá praghsanna lev agus euro araon á dtaispeáint ag siopaí agus seirbhísí ó shamhradh 2025.

Cad iad na dúshláin atá roimh an mBulgáir?

Ach an oiread le gach tír a thagann isteach sa euro, ní mór don Bhulgáir aistriú rianúil a chinntiú. Tá a gcórais, a gconarthaí agus a n-uirlisí cuntasaíochta á dtabhairt cothrom le dáta ag gnólachtaí agus ag bainc anois. 

Tá imní ar roinnt saoránach freisin faoi mhéaduithe féideartha ar phraghsanna, cé go gcuireann nasc seanbhunaithe an lev leis an euro teorainn leis an riosca sin. Cuidíonn cumarsáid shoiléir agus léirithe déphraghais le muinín agus trédhearcacht a chothú le linn an tabhairt isteach.

Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, is é an euro an t-aon airgeadra oifigiúil a úsáidfear sa Bhulgáir. Neartaíonn an t-aistriú sin áit na Bulgáire i gcreat eacnamaíoch an Aontais agus tacaíonn sé le margadh Eorpach níos comhtháite.

An bhfuil a fhios agat cén chuma atá ar bhonn euro na Bulgáire? Faigh tuilleadh eolais faoi thaobhanna náisiúnta na mbonn anseo.

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Eanáir 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide