Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta5 Eanáir 2023Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Céim chun tosaigh don Chróit

Ón 1 Eanáir 2023 tá 20 tír mar chuid den limistéar euro: ó shin i leith, tá an Chróit i measc na mBallstát a úsáideann an euro mar airgeadra.

Croatian euro coins 

Ón 1 Eanáir 2023 tá 20 tír mar chuid den limistéar euro: ó shin i leith, tá an Chróit i measc na mBallstát a úsáideann an euro mar airgeadra. Féach leat boinn nua euro na Cróite.

An lá céanna, tháinig an Chróit isteach i limistéar Schengen freisin. Ar an gcaoi chéanna leis an 22 Bhallstát eile den Aontas* agus leis na ceithre thríú tír** atá i limistéar Schengen, ní bheidh ar shaoránaigh na Cróite a bpasanna a thaispeáint níos mó chun taisteal ó thír Schengen amháin go tír Schengen eile.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi limistéar Schengen, faoina stair agus faoi na buntáistí a bhaineann leis, cliceáil anseo:  Limistéar Schengen - Consilium (europa.eu)

*(An Bheilg, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghréig, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an tSualainn agus an Ungáir)

**(an Eilvéis, an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin)

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Eanáir 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide