Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
Learning corner

Gairm ar iriseoirí óga ardaidhmeannacha!

  • Alt nuachta
  • 19 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Ar mhaith leat tuairisceoireacht a dhéanamh ón mBruiséil, cuairt a thabhairt ar institiúidí agus ar sheomraí nuachta an Aontais, agus foghlaim ó iriseoirí a bhfuil taithí acu?  

Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an 10ú heagrán de Youth4Regions, clár an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh iriseoirí ardaidhmeannacha atá idir 18-30 bliain d’aois. 

Tiocfaidh thart ar 40 rannpháirtí a roghnófar chun na Bruiséile ón 10-16 Deireadh Fómhair 2026 chun páirt a ghlacadh in oiliúint maidir le hiriseoireacht, gnóthaí an Aontais agus beartas comhtháthaithe, agus ag an am céanna, gheobhaidh siad taithí phraiticiúil tuairisceoireachta le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha. Clúdóidh an Coimisiún Eorpach na costais taistil, lóistín agus béilí. 

Bronnfar Duais Megalizzi-Niedzielski ar thriúr rannpháirtithe eiseamláireacha agus tabharfar deis dóibh páirt a ghlacadh i misean tuairisceoireachta a mhairfidh ar feadh coicíse ar fud roinnt tíortha den Aontas. 

Faigh tuilleadh eolais agus déan iarratas faoin 7 Iúil 2026 ag 17:00, Am Lár na hEorpa.  

Is féidir iarratais a chur isteach i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Reáchtáiltear an clár i mBéarla.  

Dáta foilsithe
19 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide