
Múinteoirí agus ceannairí scoile atá ag iarraidh feabhas a chur ar an oideachas digiteach, ar an gcuimsiú agus ar an bhfolláine, is féidir leo úsáid a bhaint as trí uirlis saor in aisce ar líne a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach. Tá na huirlisí deartha chun tacú le daoine aonair agus scoileanna caighdeán a dtimpeallachtaí foghlama a fheabhsú agus fás gairmiúil múinteoirí a neartú:
- cuireann SELFIE do Mhúinteoirí aiseolas pearsantaithe ar fáil chun cabhrú le múinteoirí feabhas a chur ar an teagasc digiteach agus ar an gcomhoibriú digiteach. Bunaithe ar Chreat Inniúlachta Digití an Aontais d’Oideoirí, tá an uirlis ceaptha don oideachas luath-óige, bunscoile agus meánscoile, agus tá sí ar fáil in 30+ teanga. Go dtí seo, d’úsáid níos mó ná 220,000 múinteoir SELFIE do Mhúinteoirí cheana féin! An tusa an chéad mhúinteoir eile a bhainfidh leas as?
- Leis an gcomhuirlis, SELFIE do Scoileanna, is féidir le múinteoirí, ceannairí scoile agus daltaí measúnú a dhéanamh ar an seasamh atá acu maidir leis an bhfoghlaim sa ré dhigiteach. Is féidir leis an uirlis cuidiú le straitéis oideachais dhigitigh na scoile a mhúnlú agus réimsí le haghaidh forbairt ghairmiúil foirne a shainaithint.
- Seoladh an uirlis féinmheasúnaithe maidir leis an gcuimsiú agus an fholláine le linn Sheachtain Eorpach na Meabhairshláinte 2025, agus tá sí deartha do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna. Téann an measúnú trí phríomhréimsí na folláine agus an chuimsithe – ó cheannaireacht scoile agus an aeráid go rannpháirtíocht tuismitheoirí agus foghlaimeoirí leochaileacha. A luaithe a bheidh sí críochnaithe, faigheann scoileanna tuarascáil shaincheaptha ina bhfuil léargais agus ina moltar acmhainní le haghaidh tuilleadh tacaíochta.
Tá na trí uirlis so-úsáidte, slán agus anaithnid, mar sin bain triail astu inniu!
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 18 Lúnasa 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News





