Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Fógra nuachta8 Eanáir 2024Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Tionscnaimh foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh: Glao ar iarratais

Tá deontais suas le €35,000 ar fáil do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna chun daltaí a theagasc faoin Aontas Eorpach. Ní mór iarratas a dhéanamh roimh an 1 Feabhra ar 17:00.

""
© European Union, 2021 (CC BY-NC-ND 4.0) – source: istockphoto.com

An bhfuil an dúspéis agat muintearas níos láidre leis an Aontas a spreagadh i measc do chuid daltaí? An bhfuil smaointe agat chun topaicí a bhaineann leis an Aontas Eorpach, amhail an daonlathas nó ról institiúidí an Aontais, a chomhcheangal le do churaclam scoile?

Má tá, is deis iontach é deontas Thionscnaimh foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh chun an maoiniú atá de dhíth ort a fháil chun do chuid smaointe a thabhairt chun cinn. Seoladh Tionscnaimh foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh le linn na Bliana Eorpaí um Scileanna in 2022, agus tá siad ar oscailt anois do bhabhta 2024 na n-iarratas ar mhaoiniú.

Tá deontais suas le €35,000 ar fáil, agus beidh go dtí an 1 Feabhra ar 17:00 (am na Bruiséile) ag iarratasóirí chun a n-iarratas a chur isteach. Tá scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna i ngach tír atá páirteach i gclár Erasmus+ i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun teagasc faoin Aontas Eorpach ina seomraí ranga.

Chun tuilleadh eolais agus acmhainní a fháil le haghaidh d’iarratais, féach:

  1. Leathanach gréasáin Thionscnaimh Foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh le haghaidh na sonraí iomlána maidir le hiarratas a dhéanamh.
  2. An leabhrán ‘Foghlaim faoin Aontas Eorpach ar scoil’ le haghaidh teistiméireachtaí ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí (ar fáil i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh).
  3. Conas tús a chur le hiarratas ar Thionscnaimh Foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh ar Vimeo, físeán nasctha a bhfuil treoirlínte ag gabháil leis faoin bpróiseas iarratais.

Scaip an scéal agus déan iarratas anois ionas go mbeidh tusa in ann do dhaltaí a chumhachtú agus cabhrú chun saoránaigh ghníomhacha an Aontais amach anseo a dhéanamh díobh.

Foinsí

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Eanáir 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
News