
San Aontas Eorpach, tuairiscíonn 13% go 29% de dhaltaí 15 bliana d'aois gur minic a dhéantar bulaíocht orthu. Tá 20% de leanaí san Eoraip ag fulaingt de chineál éigin mí-úsáide gnéasaí le linn a n-óige, agus is é an féinmharú an dara príomhchúis le bás i measc daoine idir 15 agus 19 mbliana d'aois.
I bhfianaise na staide sin, ghlac an Coimisiún Eorpach Moladh maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú an 23 Aibreán 2024 lena ndírítear go háirithe ar an ngá atá le sásraí a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil lena gcuirfear ar chumas leanaí a dtuairimí a chur in iúl gan bhac agus a bheith rannpháirteach sa mheasúnú ar straitéisí, beartais agus seirbhísí cosanta leanaí.
Is féidir le scoileanna agus múinteoirí oibriú ar chosc trí leanaí a spreagadh chun níos mó airde a thabhairt ar a sábháilteacht ar líne agus as líne araon. Mar shampla, is éard atá i gceist leis sin leanaí a chur ar an eolas faoi chontúirtí ar líne chun úsáid shábháilte teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn, a meabhairshláinte a chosaint, agus (cibear)bhulaíocht a chosc agus a chomhrac.
Féach ar an leagan den Mholadh atá oiriúnach do leanaí! Is féidir an leagan seo, a bhfuil friotal nua curtha air ag daoine óga, a úsáid chun eolas a chur ar fáil do dhaltaí faoina gcearta agus faoi chosaint leanaí san Aontas agus ar fud an domhain, agus chun plé a dhéanamh ar conas feabhas a chur ar an dá ghné sin.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 17 Deireadh Fómhair 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide