Scagadh de réir
Nuacht agus comórtais
(192)
RSS

An 24 Eanáir beidh Lá Idirnáisiúnta an Oideachais, a d’fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 2018, á cheiliúradh ar fud an domhain chun béim a leagan ar ról an oideachais i gcothú na síochána agus na forbartha.

An bhfuil tusa i do chónaitheoir san Aontas Eorpach, an bhfuil tú idir 16-30 bliain d'aois agus an bhfuil tú ag obair ar...

Together.eu is a project run by the European Parliament, dedicated to getting as many people as possible involved in Europe’s democratic life. It is aimed in particular at getting out the vote for the Parliament’s elections.

Le déanaí, d’iarr comórtas ImagineEU ar mhic léinn atá sa dá bhliain dheireanacha den mheánscoil níos mó a fhoghlaim faoin tsaoránacht ghníomhach san Aontas Eorpach.

Tá deontais suas le €35,000 ar fáil do scoileanna agus d’institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna chun daltaí a theagasc faoin Aontas Eorpach. Ní mór iarratas a dhéanamh roimh an 1 Feabhra ar 17:00.

An raibh a fhios agat go mbíonn uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag tír éagsúil de chuid an Aontais gach sé mhí? Ó thús mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2024, beidh an fhreagracht thábhachtach sin ag an mBeilg.

Tá Leatsa an Eoraip, Abair leat! ar ais arís chun béim ar leith a leagan ar na toghcháin Eorpacha. An uair seo, tugtar cuireadh do dhaoine idir 18-25 bliana d’aois atá ar tí vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha den chéad uair nó den dara huair iarratas a dhéanamh.

Is é an 20 Samhain Lá Domhanda na Leanaí. Is deis é chun an muintearas a spreagadh i measc leanaí ar fud an domhain, agus chun leas leanaí a fheabhsú.

Déan do mhachnamh faoin athrú is mian leat a fheiceáil san Aontas Eorpach!

An bhfuil tú 18 mbliana d’aois agus an bhfuil cónaí ort i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír eile atá comhlachaithe le Erasmus+? Má tá, faigh faoi réir le dul ar eachtra le DiscoverEU!

Gach beannacht ar na múinteoirí uile – tá ról an-tábhachtach agaibh maidir le luachanna an Aontais Eorpaigh a chur i láthair do daoine óga!

An 13 Meán Fómhair chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, tús le bliain nua pholaitiúil lena haitheasc bliantúil ar ‘Staid an Aontais’ i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg.

Is é an 26 Meán Fómhair Lá Eorpach na dTeangacha (EDL). Is é aidhm ghinearálta na hócáide seo saibhreas éagsúlacht teanga agus chultúrtha na hEorpa a spreagadh agus a chothabháil.

Buaigh turas ranga chun cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa lena ngabhfaidh clár saincheaptha agus tú ag fanacht thar oíche amháin.

Is é an t-aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh, nó ‘SOTEU’, an óráid bhliantúil a thugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh os comhar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg i mí Mheán Fómhair gach bliain chun tús a chur leis an mbliain pholaitiúil nua.

Seans go bhfuil a fhios agat, ach bíonn uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag tír éagsúil de chuid an Aontais gach sé mhí.

Tá an ceart ag leanaí a dtuairimí a chur in iúl. Chun a chinntiú go gcloisfear a nguthanna, tá Ardán Rannpháirtíochta do Leanaí seolta ag an Aontas.

Ócáid is ea Lá na hEorpa, a cheiliúrtar an 9 Bealtaine gach bliain, do mhuintir na hEorpa chun an tsíocháin agus an aontacht a cheiliúradh ar fud na mór-roinne.

An 27 Márta bíonn Lá na nÚdar Eorpach ann, tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, chun an ghlúin óg a nascadh arís leis an léitheoireacht agus chun cuidiú leo eolas a chur ar éagsúlacht litríocht na hEorpa.

Ceithre bliana slánaithe ag Cúinne na Foghlama an 21 Márta!